{"product_id":"2940045849661","title":"Ceol Baile","description":"\u003cp\u003eTá Ceol Baile lán de cheol agus de bhaile: ceol raidió, ceol cathrach, ceol cóisire, rapcheol, ceol na bhfocal, agus an ceol is na hamhráin a bhaintear as an saol.\u003cbr\u003eTá sé lán de bhaile an linbh agus an tuismitheora, baile na samhlaíochta, bailte in Éirinn agus sa Spás, baile an ghrá, baile an dúnmharaithe, agus an bus abhaile.\u003cbr\u003eAch níl ansin ach blaiseadh den saol atá á shealbhú anseo. Tá an-ghealladh go deo faoin scríbhneoir seo, agus cuireann sé é féin in iúl le stíl shoiléir sholéite. Tá úire, téagar agus greann ag baint le dánta is amhráin Ceol Baile.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eBleá Cliathach a bhfuil cónaí air cois reilige is ea Marcus Mac Conghail. Ní rothaíonn sé chun na hoibre gach lá. Tá saothar leis foilsithe agus craolta in áiteanna éagsúla, ach is é seo an chéad leabhar uaidh. Tá an-tóir ar a bhlag, agus is gairid go mbeidh albam dá chuid amhrán á thaifeadadh aige.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"Marcus Mac Conghail","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":47110585843952,"sku":"2940045849661","price":3.5,"currency_code":"USD","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/2940045849661_p0.jpg?v=1763979808","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/2940045849661","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}