{"product_id":"9780992723835","title":"Aistear Anama","description":"Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad. Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde. Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh.\u003cp\u003eTá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eIs múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"The Onslaught Press","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":50032402956528,"sku":"9780992723835","price":16.25,"currency_code":"USD","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/9780992723835_p0.jpg?v=1784247264","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/9780992723835","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}