{"product_id":"9781782010272","title":"An Leabhar Craicinn: Scéalta Earótacha","description":"\u003cp\u003eDeirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu. -- \"Gormfhlaith\": Bhí sí doirte don fhear lách áirithe sin le dhá bhliain anuas agus an chuma ag teacht ar an scéal nach bhfaigheadh sí óna misneach oiread is focal a labhairt leis choíche. Ní mar a shíltear a bhítear áfach. -- \"An Ríomhghrá\": Is minic a chastar daoine ar a chéile ar an Idirlíon, agus uaireanta bíonn cleamhnas ann. Cleamhnas rathúil, fiú... -- \"Sadhbh\": An cailín cúthail í an t-ábhar óg leabharlannaí i ndáiríre? -- \"Caitríona\": Cé acu is fearr léi, grá nó cóisir chraicinn? -- Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge. Rinne se dianstaidéar ar litríocht agus ar bhéaloideas na nGaeltachtaí go léir leis na héilimh is airde a shásamh ó thaobh fheabhas na teanga agus na stíle. Tháinig altanna leis i gcló ar \"Ghaelscéal\", chomh maith le scéalta ar \"An Gael\" sna Stáit Aontaithe. Seo an tríú leabhar leis a d'fhoilsigh Evertype.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"Evertype","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":47018821714160,"sku":"9781782010272","price":15.95,"currency_code":"USD","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/9781782010272_p0.jpg?v=1763719243","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/9781782010272","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}