{"product_id":"9781782010593","title":"An Leabhar Nimhe: Scéalta a fuair spreagadh ó H. P. Lovecraft","description":"\u003cp\u003eCúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach. \"Cuitiliú\": An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh. \"Scairt na Réalta\": D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air. \"An Leabhar Nimhe\": Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann. \"Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen\" atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin. \"Paappana, nó Ceol Erkki Santanen\": Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in \"An Gael\", iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"Evertype","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":47065266651376,"sku":"9781782010593","price":14.95,"currency_code":"USD","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/9781782010593_p0.jpg?v=1763717785","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/9781782010593","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}