{"product_id":"9781857918526","title":"Amach","description":"\u003cp\u003e‘An bhfuil tú ag dul go lár an bhaile?\u003c\/p\u003e \u003cp\u003e‘An bhfuil an fón póca leat?\u003c\/p\u003e \u003cp\u003e‘Cén fáth nach bhfanfá istigh?’\u003c\/p\u003e \u003cp\u003eNí raibh a fhios agam cé acu ceann de naceisteanna sin a d’fhreagróinn ar dtús. Dá bhrí sin, níor fhreagair mé ceann ar bith acu. Chroith mé mo ghuaillí. Chuir mé mo lámha i mo phócaí. D’fhan mé leis an gcéad chuid eile den liodán. \u003c\/p\u003e \u003cp\u003eTháinig sé:‘Cén fáth nach ndéanann tú roinnt staidéir? Tá tú chun deiridh sa rang. Beidh mise náirithe agat nuair a fheicfidh mé an\u003c\/p\u003e \u003cp\u003emúinteoir. Nach bhfuil tionscadal le déanamh agat? Dá mbeifeá chomh maith ag staidéar agus atá tú ag dul amach bheifeá\u003c\/p\u003e \u003cp\u003ear an dalta is fearr sa rang.’\u003c\/p\u003e \u003cp\u003eBhí a béal ar luascadh. Uaireanta bhíodh eagla orm go dtitfeadh a cuid fiacla amach.\u003c\/p\u003e \u003cp\u003eBhí siad ag clagarnach le chéile anois mar a bheadh drumaí ann. Tháinig tiúin isteach i mo cheann ag an nóiméad sin. Bhí an tiúin ag dul ar aon rithim lena béal agus lena cuid fiacla. Nuair a stop an luascadh bhí a fhios agam go raibh mé slán. Amach liom.\u003c\/p\u003e","brand":"Foras na Gaeilge","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":47137238089968,"sku":"9781857918526","price":5.5,"currency_code":"USD","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/9781857918526_p0.jpg?v=1763599537","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/9781857918526","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}