{"product_id":"9781912134007","title":"Greim na Vaimpírí","description":"\u003cp\u003eCaitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di. Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil an ceart aige a bheith buartha! Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é.\u003c\/p\u003e \u003cp\u003eTugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo. Téann siad sáite i gcogadh agus cuirtear fíricí loma os comhair Ailfí ar gá dó déileáil leo.\u003c\/p\u003e \u003cp\u003eSeo é an ceathrú leabhar sa tsraith rathúil ag Cois Life, tar éis Ailfí agus an Vaimpír (2012), Vaimpír san Áiléar (2013) agus I Measc Vaimpírí (2015). Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!\u003c\/p\u003e","brand":"Cois Life","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":47166972166384,"sku":"9781912134007","price":6.49,"currency_code":"USD","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0737\/7593\/9824\/files\/9781912134007_p0.jpg?v=1763633460","url":"https:\/\/shop-qa.barnesandnoble.com\/products\/9781912134007","provider":"Barnes \u0026 Noble (DEV)","version":"1.0","type":"link"}