Skip to product information
1 of 1

Foras na Gaeilge

Lá dár Saol

Lá dár Saol

Regular price $5.00 USD
Regular price Sale price $5.00 USD
Sale Sold out
Shipping calculated at checkout.
Quantity

Cé gur mac do Thomás Ó Criomhthain údar an leabhair seo, ná measadh aon duine gurb é seo an tOileánach ina athbhreith. Saol eile ar fad atá ríofa anso dúinn, agus daoine eile, glúin nua atá níos gaolmhaire linn féin, agus méar éadrom shuáilceach ghrinn leagtha ag an údar orthu. Ach is daoine fola agus feola iad ar éirigh leis an údar iad a rianú níos fearr ná mar a d'éirigh lena athair a mhuintir féin a dhéanamh dúinn.

Cé go raibh a chúis go maith ag an údar, níl aon mhaoithneachas sa chuntas so, agus sin é a bhuaic. Cuntas fuarchúiseach é a bhfuil an cnámh ag polladh an chraicinn ann; cáipéis shóisialta ina rianaítear meath agus tréigean an Bhlascaoid agus an saol nua ar an míntír ina dhiaidh sin.

View full details